Ceird - Community Expressions Ireland - Spiddal, Co. Galway


Teagmháil Ceardlanna Teagmháil Buíochais Gailearaí Le Teacht Amhráin Ráiteas Misin Maidir le CEIRD Baile

Visit Ceird on Facebook

 


Teagmháil


English / Gaeilge

Ráiteas Misin

Forbairt a dhéanamh ar Cheol agus Ealaíona Pobail sa Chontae, trí thionscnaimh oideachais an cheoil agus na healaíne a thairiscint do phobail na Gaillimhe.

Úsáid a bhaint as gach bonneagar sóisialta (scoileanna, ollscoileanna, amharclanna, stiúideonna ealaíne, hallaí poiblí, tithe tábhairne, tithe altranais, aiseanna paróiste 7rl.) le comhoibriú ceoil agus ealaíne a éascú i measc muintir na Gaillimhe chun spiorad pobail a fhorbairt go háitiúil.

Teagmháil níos fearr a éascú le ealaíontóirí na Gaillimhe chun scéimeanna idirdhisciplíneacha a fhorbairt idir ceol, damhsa, na mínealaíona, scríbhneoireacht chruthaitheach, aisteoireacht, scéalaíocht, ceardaíocht traidisiúnta, grianghrafadóireacht, na meáin chruthaitheacha 7rl.

Tuiscint a mhéadú ar ealaín agus ceol mar léiriú uilíoch seachas léiriú réigiúnach. Meas agus léirthuiscint a fhorbairt ar thraidisiúin agus stíleanna ealaíne áitiúla ach machnamh a dhéanamh ar fheidhm na háitiúlachta i gcomthéacs Éireannach nó Eorpach.

Ag cinntiú go bhfuil meas ag teagascóirí agus scoláirí ar na cultúir agus teangacha atá in úsáid sna ceardlanna, ach ó thaobh Gaelscolaíochta agus úsáid na Gaeilge go háirithe. Caighdeán sásúil na teanga a chaomhnú i rith na gceardlann Lán-Ghaeilge.

Sa dóigh céanna, ag cinntiú go bhfuil gníomhaíochtaí CEIRD ag caighdeán sásúil ó thaobh ealaíne. Is pointe tábhachtach é seo i gcomhthéacs ceardlannaíochta Lán-Ghaeilge: ní leor Gaeilge líofa le teagasc a dhéanamh do CEIRD, ach sár-scileanna ealaíne a bheith ag teagascóirí freisin.

Oideachas agus ceardlannaíocht a úsáid mar mheán seachadta na ceardaíochta ealaíne agus oidhreachta s‘againne, go mairfidh siad don chéad ghlúin eile.

Forbairt a dhéanamh ar scéimeanna taobh amuigh de Ghaillimh trí mhalairtí ealaíne a éascú go náisiúnta.



 
© CEIRD 2015