Ceird - Community Expressions Ireland - Spiddal, Co. Galway


Ceardlanna Teagmháil Buíochais Gailearaí Le Teacht Amhráin Ráiteas Misin Maidir le CEIRD Baile

Visit Ceird on Facebook


English/ Gaeilge

Le TeachtCreative Writing Workshops

Beidh réimse leathan tionscnaimh le tairiscint ag CEIRD, ag brath ar suim agus ar mhaoiniú . Beidh ceardlanna, chomh maith le seónna agus léachtaí scoile againn maidir le amhránaíocht phobail. Is féidir, áfach, go mbeidh ealaíona eile le tairiscint againn amach anseo freisin.

Seo cúpla sampla tionscnamh eile a bheidh le tairiscint ag CEIRD:

Ábhar: Suantraithe i dtíortha ceilteacha (Amhráin as Gaeilge, Gàidhlig na hAlban, Gaeilge Mhanann...)
Modh teagaisc: Rang seachtainiúil.
Ar fáil do: Mhná atá ag iompair clainne/thuismitheoirí agus a bpáistí óga.
Leibhéal: Bunleibhéal go hardleibhéal.
Ionad: Contae na Gaillimhe.
Cúrsa ar fáil trí Ghaeilge amháin.

Ábhar: Amhránaíocht ar an Sean-Nós as Tír Chonaill.
Modh teagaisc: Cúrsa deireadh seachtaine.
Ar fail do: Dhéagóirí agus do dhaoine fásta ós cionn 13 bliain.
Leibhéal: Bunleibhéal go hardleibhéal.
Ionad: Ar fud na tíre.
Cúrsa ar fáil trí Bhéarla nó Gaeilge.


Ábhar: Amhránaíocht ar an Sean-Nós as Tír Chonaill.
Modh teagaisc
: Cúrsa deireadh seachtaine.
Ar fáil do: Dhéagóirí agus do dhaoine fásta ós cionn 13 bliain.
Leibhéal: Ardleibhéal/Dianchúrsa.
Ionad: Ar fud na tíre.
Cúrsa ar fáil trí Ghaeilge amháin.

Ábhar: Bunchúrsa amhránaíochta mheánaoiseach.
Modh teagaisc: Cúrsa deireadh seachtaine.
Ar fáil do: Dhaoine Fásta (ós cionn 18 bliain).
Leibhéal: Bunleibhéal.
Ionad: Ar fud na tíre.
Cúrsa ar fáil trí Bhéarla nó Ghaeilge.

Ábhar: An Chantaireacht Ghreagórach (céard í an chantaireacht?).
Modh teagaisc: Léacht scoile.
Ar fáil do: Scoláirí Staire, Laidine, Ceoil agus Oideachais Reiligiúin don Teastais Sóisearach.
Leibhéal: Tríú Bliain.
Tréimhse an chúrsa: Léiriú uair go leith.
Ionad: Luimneach, Clár, Gaillimh, Maigh Eo.
Cúrsa ar fáil trí Bhéarla amháin.

Medieval Music WorkshopÁbhar: An amhránaíocht mheánaoiseach sa 21ú hAois (féidearthachta agus deacrachtaí a bhaineann le cúrsaí ceoil meánaoiseach ó thaobh taighde agus stáitse san am i láthair).
Modh teagaisc
: Léacht scoile.
Ar fáil do: Scoláirí Ceoil don Teastas Sóisearach.
Leibhéal: Tríú Bliain.
Tréimhse an chúrsa: Léiriú uair go leith.
Ionad: Luimneach, Clár, Gaillimh, Maigh Eo.
Cúrsa ar fáil trí Bhéarla amháin.

Cursaí eile a bheidh ar fáil ná: Amhránaíocht ar an Sean-Nós Chonamara/Chuige Mumhan, scríbhneoireacht chruthaitheach sa seomra ranga, amhránaíocht Ghaeilge d’fhoghlaimeoirí, traidisiúin amhránaíochta na hEorpa, damhsa ar an Sean-Nós, scéalaíocht, cóir amhránaíochta, drámaíocht agus amharclannaíocht, ceol domhanda, cúrsaí ar fáil trí mheán na Fraincise.



 
© CEIRD 2015